111 475 Aláírások
A petíciót a petíció benyújtója visszavonta
Ez egy európai polgári kezdeményezés.
A petíció címzettje: Europäische Komission
Iarraimid ar an gCoimisiún Eorpach a leagan síos nach mór an lipéadú simplithe “Nutriscore” a chur ar tháirgí bia chun cáilíocht na faisnéise a thugtar do thomhaltóirí na hEorpa faoin gcothú atá ina gcuid bia a áirithiú, agus chun sláinte na dtomhaltóirí a chosaint. 1. Leasú a dhéanamh ar an lipéadú faoin gcothú atá sa bhia ionas go mbeidh sé níos soléite agus níos sothuigthe: tuiscint a fháil ar an gcéad amharc ar an gcothú atá le baint as bia de chineál faoi leith i bhfianaise na héagsúlachta bia atá ar fáil; 2. Beart a dhéanamh i leith fadhbanna i réimse na sláinte poiblí trí lucht gairme sa réimse sin a ghríosú le feabhas a chur ar a gcuid táirgí; 3. Comhchuibhiú a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach ar an bhfaisnéis a thugtar faoin gcothú atá sa bhia, agus sin a dhéanamh trí lipéadú uathúil oifigiúil a chur i bhfeidhm, rud a bhainfeadh an mearbhall de thomhaltóirí na hEorpa i bhfianaise an iliomad lógónna atá in úsáid.
A petíció részletes meghatározása
Petíciót indítottak:
2019. 05. 08.
Gyűjtés vége:
2021. 02. 02.
Terület:
Európai Unió
Kategória: