0 Firmas
Colecta terminada.
Se trata de una iniciativa ciudadana europea.
La petición está dirigida a: Europäische Komission
Iarraimid ar an gCoimisiún Eorpach a mholadh do na Ballstáit cáin ar bhreosla eitlíochta (ceirisín) a thabhairt isteach. Tá buntáistí cánach ar fáil ag an earnáil eitlíochta in ainneoin í a bheith ar cheann de na foinsí astaíochtaí gás ceaptha teasa is mó fás. Cé go bhfuil cánacha arda á ngearradh ar roghanna malartacha níos glaise ar an eitlíocht, tá an tionscal eitlíochta in ann tairbhe a bhaint as go leor díolúintí éagóracha ó cháin. Níl aon cháin á gearradh ar bhreosla eitlíochta go fóill san Eoraip agus ní ghearrann na Ballstáit CBL ar thicéid eitleáin, rud a fhágann go bhfuil an eitlíocht ag éirí níos mealltaí i gcónaí mar mhodh iompair, cé gurb í an an bealach a bhfuil an lorg carbóin is mó aige. Dá ngearrfaí cáin ar cheirisín bheadh an tAontas in ann an maoiniú do shoghluaisteacht níos glaise a mhéadú go mór toisc gurb í an earnáil iompair an earnáil is mó fás ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de.
Enlace a la petición.
Hoja desprendible con código QR
Descargar. (PDF)Detalles de la petición
Petición iniciada:
10/05/2019
La petición termina:
02/02/2021
Región:
Unión Europea
Categoría, Tema: