70,366 signatures
Collection finished
This is an European Citizens' Initiative.
Petition is addressed to: Europäische Komission
Cé go bhfuil cosc ar eití siorcanna a bhaint ar bord shoithí an Aontais agus in uiscí an Aontais, agus cé gur gá siorcanna a thabhairt i dtír agus na heití orthu ó nádúr, tá an tAontas Eorpach ar cheann de na honnmhaireoirí is mó eití agus is mol idirthurais ollmhór é sa trádáil dhomhanda eití. Is mórghníomhaí é an tAontas i ndúshaothrú siorcanna agus de bhrí go mbíonn ganntanas imscrúduithe mara ann, tá eití go fóill á gcoinneáil, á dtrasloingsiú nó á dtabhairt i dtír go neamhdhlíthiúil san Aontas. Tá sé mar aidhm againn deireadh a chur le trádáil eití san Aontas, lena n-áirítear allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras eití mura bhfuil siad ar chorp an ainmhí ó nádúr. Ós rud é go gcuireann teascadh eití siorcanna cosc ar bhearta caomhnaithe éifeachtacha i dtaca le siorcanna, iarraimid go leathnófaí RIALACHÁN (AE) Uimh. 605/2013 chun go gclúdófar trádáil eití leis agus mar sin de iarraimid ar an gCoimisiún rialachán nua a cheapadh, chun go gclúdófar faoi “eití orthu ó nádúr” gach cineál trádála siorcanna agus roc san Aontas.
Link to the petition
Tear-off stub with QR code
download (PDF)Petition details
Petition started:
01/31/2020
Petition ends:
02/02/2021
Region:
European Union
Topic:
Debate
No CONTRA argument yet.